Alt foilsithe i ‘Foinse’, 19 Deireadh Fómhair 2008
______________
Samhail nua do shochaí nuálaíoch?
I ndeireadh na dála, tá sé i bhfad níos éifeachtaí sochaí nuálaíoch a bhaint amach trí dhíriú ar phobail shláintúla a chothú, a scíobhann Fionnbarra Ó Brolcháin
Agus Buiséad 2009 á chur i láthair aige an tseachtain seo, d’fhógair an tAire Airgeadasi, Brian Lenihan gur ceann de na príomh-aidhmeanna a bhí aige ná ord agus smacht a chur ar an gcóras airgeadais poiblí. Thug sé tús áite freisin do thionscadail infheistíochta a mhéadaíonn ar ár gcumas iomaíochta. Gheall sé gur beartais stuama inchothaithe a bhí aige a chuideoidh linn tríd an tréimhse rídhúshlánach éiginnte sa gheilleagar idirnáisiúnta agus baile.
Ag tosú i mbliana, tá sé beartaithe go mbeidh easnamh buiséadach de 6.5% de OTI in 2009, 4.7% in 2010 agus 2.9% in 2011. Ciallaíonn sin go leanfaidh gearradh siar trom ar aghaidh thar tréimhse dhá nó trí de bhlianta eile ar a laghad.
Chun cobhsaíocht (seasmhacht) sa státchiste a bhaint amach, d’fhógair an tAire go raibh sé thart ar €2 billiún d’ioncam cánach breise a ghnóthú trí ranníocaíocht ioncaim 1% a thabhairt isteach ar gach leibhéal ioncaim suas go €100,000. Cé gur fhógair sé méadú €7 sa tseachtain sa státphinsin, tá deireadh á chur ag an am céanna leis an uathcheart do chárta leighis do dhaoine os cionn 70.
D’fhógair an tAire go ndíreofar acmhainní ach go háirithe ar infheistíocht chaipitiúil chun tacú leis an Straitéis um Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuáil, chun infheistíocht dhíreach a mhealladh go hÉirinn agus chun fiontair dhúchasacha a chur chun chinn. Mhéadaigh an tAire an ráta reatha 20% de chreidmheas cánach do chuideachtaí i leith thaighde agus forbairt incháilithe go 25%. Cuideachtaí nua a thosaíonn ar thrádáil in 2009, beidh siad saor ó cháin sna blianta tosaigh. Laghdófar an dleacht stampa reatha ar mhaoin neamhchónaithe ó 9% go 6%.
Ach tá an-seans ann gurb iad na daoine is laige sa phobal, ní cuideachtaí, forbróirí maoine nó lucht rachmais na tíre, a bheidh thíos leis. N’fheadar an é seo an straitéis is éifeachtaí chun chumas iomaíochta agus nuálaíochta na tíre a chothú? I bhfocail eile, tá go leor fianaise ann go mbíonn níos mó tionchair ag gnéithe shoisialta, leithéid forbairt muiníne agus mórtas pobail, ar pholasaí nualaíochta a chothú ná mar a bhíonn ag an tacaíocht phoiblí a thugtar do chuideachtaí gnó nó an caiteachas ar thaighde féin.
Cothaítear capiteal sóisialta nuair a bhraitheann daoine go bhfuil dílseacht á léariú dóibh, iad faoi chúram ag an bpobal nó ag an Stát. Tá an caipiteal seo ríthábhachtach chun naisc thorthúla a fhorbairt idir an comhpháirteachas poiblí, an chruthaitheacht agus nuálaíocht. I ndeireadh na dála, tá sé i bhfad níos éifeachtaí sochaí nuálaíoch a bhaint amach trí dhíriú ar phobail shláintúla a chothú. Is iad na tíortha a chuireann béim ar chaipiteal sóisialta a mheallann na daoine agus na fiontraithe is cruthaithí a chuireann go mór le caighdeán maireachtála na ndaoine sin.
Ceann de na dushláin is mó do lucht polasaí na tire, a aithint an baol atá ann neamhaird a dhéanamh den gné shóisialta den phleanáil chun freastal ar aidhmeanna forbartha fadtéarmacha. Faoi mar a dhéanann cuideachtaí rathúla, ba chóir don stat freisin é féin a athcheapadh faoi mar a athraíonn cúnsaí. Cailleadh deis maith i mBuiséad 2009 an t-athrú sin a dhéanamh.
- Is é Fionnbarra Ó Brolcháin comhúdar an leabhair, Capitalising on Culture, Competing on Difference [foilsithe ag Blackhall, 2008].
Tags: innovation
