Foilsithe i ‘Comhar’, Nollaig 2008
Acmhainní Cultúrtha sa tSochaí Nuálaíoch
Fionnbarra Ó Brolcháin
I ndomhain gnó atá go mór faoi smacht ag cuideachtaí ilnáisiúnta ilghluaiste, iad ag iarraidh gach buntáiste airgead a aimsiú ar fud na cruinne, cheapfá nach mbeadh aon chiall le bheith ag caint faoi mhórtas ceantair. Cinnte, thréigh scothaicme na tíre a thiomáin an Tíogar Ceilteach téarmaíocht den sórt chomh luath agus a bhí deis acu. Ach anois agus geilleagar na hÉireann athraithe ó bhun go barr, tá sé soiléir go mbraitheann ár dtodhchaí iomaíochta níos mó ná riamh ar ár ndúchas féin. Go deimhin, le domhandú, tá níos mó, ní níos lú, tábhachta ag baint leis an cheantar áitiúil.
Cé gur malairt de thuairim a chloistear go minic, braitheann nuálaíocht níos mó ar chúiseanna sóisialta - muinín, muintearas agus féiniúlacht cultúrtha - ná ar thaighde eolaíochta nó teicneolaíochta. Bíonn pobal, réigiún nó tír cruthaitheach nuair atá eolas suntasach acu, iad ag smaoineamh i slite difriúla nó tréithe faoi leith acu. Beidh buntáiste iomaíoch san aois nuálaíoch ag tíortha a bhfuil acmhainní acu atá suntasach, inathraithe agus luachmhar.
Cé go bhfuil acmhainní inláimhsithe (mar shampla, airgead agus teicneolaíocht) de dhíth chun iomaíocht a chinntiú, ní leor iad. Is iad na hacmhainní doláimhsithe a chothaíonn cruthaitheacht agus nuálaíocht atá riachtanach. Na cinn is luachmhaire agus inbhuanaitheach ná iad atá neamhinste - samhlaíocht, inspioráid agus iomas. Seo cinn atá lonnaithe go docht daingean i gceantair agus i gcultúir áitiúla, iad fréamhaithe agus bunaithe ar chaipiteal daonna, sóisialta agus cultúrtha.
Is as na naisc sin a spreagtar féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios. Ciallaíonn sin go mbraitheann iomaíocht idirnáisiúnta na hÉireann ar a bheith difríúil agus uathúil. Soláthraíonn ár n-oidhreacht chúltúrtha, saintréithe na hÉireann, an buntáiste iomaíoch is mó atá againn. Cén fáth, mar sin, nach mbaintear feidhm as na saintréithe sin i bhfad níos mó ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de?
Tá a lán le foghlaim, thuaidh agus theas, as inspioráid agus aidhmeanna na hAthbheochana, tréimhse a lean 30 bliain roimh bhunú an Stáit. Sa Athbheochan, chonaic siad súid a bhí páirteach inti acmhanní nádúrtha, cultúrtha and daonna mar gnéithe ríthábhachtach in eitic féintuilleamaí agus nuálaíochta. Bhí tréithe mar leanúnachas, ídéalachas, cuimhne, spiorad tírghrách agus eolaíocht phraiticiúil mar dhlúthchuid den ghluaiseacht. Sheas eagraíochtaí na hAthbheochana - Conradh na Gaeilge, na comharchumainn, an Cumann Lúthchleas Gael agus Amharclann na Mainistreach - mar chomhaontas leathan féinchabhrach a dhein iarracht saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitíochta na tíre a athrú ó bhun go barr. Fiú inniu féin, tá ceachtanna fós le foghlaim maidir le roghnú polasaithe ó smaointí seo na hAthbheochana.
Tá féidearachtaí dochreidte ag an Ghaeilge féin mar acmhainn ó thaobh féinfhollasú, íogaireacht do dhífríocht, samhlaíocht, brí agus cothú cáilíochtaí aestéitiúla de. Osclaíonn an teanga doirse ar eolas, fhilíocht, cheol, amhránaíocht agus scéalta de bhreis is 2,000 bliain; cuireann sí faobhar ar thuiscint maidir lena nósanna smaointeoireachta, mothúchán agus iompraíochta. Tá féidearthachtaí ag an teanga, mar sin, bheith ina dlúthchuid d’aon athghiniúint gealleagair - mar a shamhlaigh bunaitheoirí an Chonartha tráth.
Laistigh de 80 bliain, tá Éire bogtha ó thaobh amháin go taobh eile: bhí náisiúntacht agus mothúcháin i gceartlár na físe náisiúnta tráth. A mhalairt atá ann anois. Tá eolaíocht, réasúntacht agus margaí eacnamaíochta in uachtar. Ach braitheann todhchaí forbartha na tíre seo ar úsáid a bhaint as na tréithe dearfacha den dá thaobh ionas go mbeimid iomaíoch ó thaobh geilleagair de agus é sin comhcheangailte le timpeallacht inbhuanaithe agus cothromas sóisialta.
Ní féidir le tír bheith nuálaíoch muna bhfuil tuiscint ag daoine orthu féin: cad as a dtagann siad agus cá bhfuil siad ag iarraidh dul. Tugann polasaithe a aithníonn nádúr agus braistintí na sochaí, gnéithe a thiomáineann cúrsaí gnó na tíre, buntáiste iomaíoch atá cumhachtach agus inathraithe. Is acmhainní uathúla iad traidisiún, teanga, mórtas cine is ceantair agus féiniúlacht, cinn dá n-úsáidfí i gceart a thiománadh ár mbuntáiste iomaíoch.
Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar éagsúlacht agus luachanna cultúrtha agus bíonn meas acu ar dhaoine eile a gcaithfidh said comhoibriú leo. Foghlaimíonn said conas difríochtí a aithint. Gineann siad níos mó measa ar a saintréithe féin fiú agus iad oscailte le tionchair sheachtracha. Is féidir leo smaointí difriúla a shú isteach, ach ag an am céanna, gan a bheith smachtaithe ag tionchair chultúrtha dhomhanda.
Ciallaíonn an socrú polaitíochta ó thuaidh agus inimirce gurb é seo an t-am tráthúil chun díriú ar mhórtas ceantair. Tá ‘Éireannachas’ mar seo, bunaithe ar chéannacht agus dhifríocht, lán de ghealltanas spreagúil. In Éirinn ilchultúrtha, tá sé deachair féiniúlacht láidir bunaithe ar chomheitneachas nó ar chomhthraidisiún a bhaint amach. Ag an am céanna, bheadh mothúcháin bunaithe ar comháit mar chroílár iontach ag féiniúlacht nua-aoiseach. Thabharfadh sé cead do dhaoine a bhraith go raibh siad dlúthpháirteach i dtionscadal coiteann, gné lárnach chun sochaí nuálaíoch a bhaint amach.
Is é Fionnbarra Ó Brolcháin comhúdar an leabhair ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ le Finbarr Bradley and James J. Kennelly [Blackhall Publishing].
