‘Bí ag machnamh go domhanda ach bí freamhaithe in Eirinn’
PÓL Ó’MUIRÍ, Eagarthoir Gaeilge
Wed, Nov 12, 2008
TUARASCÁIL:NÍ MOLADH GO moladh Taoisigh. Ba é an Taoiseach Brian Cowen a sheol Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland (Blackhall Publishing) leis an Ollamh Finbarr Bradley agus an Dochtúir James J. Kennelly ag deireadh na míosa seo caite.
Dúirt Cowen go raibh orainn “dianmhachnamh a dhéanamh ar threo na hÉireann, ó thaobh an gheilleagair de agus go sóisialta agus cuirtear ceisteanna inár láthair sa leabhar a chuireann gnáthsmaointeoireacht faoi bhrú agus tugtar ábhar dáiríre dúinn go léir le machnamh a dhéanamh air.
“Moltar roinnt freagraí a thagann as réimsí na heacnamaíochta, na polaitíochta, na staire, na socheolaíochta agus eile agus tugtar dúshlán don ghnáthshaoithiúlacht sa leabhar seo.”
Mura leor an méid sin féin ón Taoiseach, ba é Dermot Desmond, duine de na fir ghnó is rathúla in Éirinn, a scríobh réamhrá don leabhar.
Labhair an colún seo le duine de na húdair, Finbarr Bradley. (Beidh aithne níos fearr ag lucht na Gaeilge air mar Fhionnbarra Ó Brolacháin, an té a bhunaigh an t-ionad gnó Gaeilge, Fiontar, ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.)
Ní raibh sé díomhaoin ó d’éirigh sé as an chúram sin in 1999. Liosta le lua na gradaim acadúla atá bainte amach ag Bradley; idir céimeanna, ollúnachtaí agus foilseacháin abhus agus thar sáile.
Cleamhnas nádúrtha a bhí ann a shaineolas ar Ghaeilge agus ar ghnó a thabhairt le chéile in aon leabhar amháin. Bíodh is gur leabhar acadúil é seo, tá teachtaireacht shimplí taobh thiar de, a deir sé - “Bí ag machnamh go domhanda ach bí fréamhaithe in Éirinn.”
Deir sé gurb í a théis: “Le domhandú, tá níos mó, ní níos lú, tábhacht ag baint leis an cheantar áitiúil. Bíonn pobal, réigiún nó tír cruthaitheach agus nuálaíoch nuair atá eolas suntasach acu agus iad ag smaoineamh i slite difriúla nó tréithe faoi leith acu.”
Creideann sé go mbraitheann Buntáiste Iomaíoch Inbhuanaithe (BII) na hÉireann ar an phobal bheith difriúil agus uathúil: “Is iad saintréithe na hÉireann an buntáiste iomaíoch is mó atá ag an bpobal. Cén fáth nach mbaintear feidhm as na saintréithe sin i bhfad níos mó ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de?”
Chuige sin atá an leabhar: na nithe sainiúla cultúrtha atá in Éirinn - an Ghaeilge san áireamh - a chur chun tosaigh mar nithe a chuideoidh le pobal na hÉireann mar áiseanna fiontraíochta.
Tá airgead agus teicneolaíocht riachtanach mar acmhainní inláimhsithe le BII a sholáthar ach ní leor iad, a deir sé.
Tá acmhainní doláimhsithe de dhíth fosta agus creideann sé gurb iad na hacmhainní feasa is luachmhaire na cinn neamhinste: samhlaíocht; inspioráid; iomas; féintuiscint; féindearbhúchán; féinmhuinín agus féinfhios: “San aois dhomhanda, is acmhainn ríthábhachtach é mórtas ceantair nó gineann sin brí.”
Is cinnte gur nuálaíoch an cur chuige atá ag Bradley agus Kennelly sa leabhar. Deir Bradley nach féidir le tír bheith nuálaíoch mura mbíonn tuiscint agus meas ag an phobal orthu féin, ar an áit as a dtagann siad agus ar an áit a bhfuil siad ag iarraidh dul.
Cuireann sé béim ar leith ar an Athbheochan agus ar na heagrais - Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael, Amharclann na Mainistreach - agus an obair a rinne siad i gcur chun cinn féiniúlacht nua.
Tá “a lán le foghlaim” as an aois a ghin iad. Tugann sé “gluaiseachtaí féinmhuiníneacha” orthu agus dea-thréithe mar leanúnachas, cinniúint, idéalachas, cuimhne agus spiorad tírghrách acu. “Anois,” a deir sé, “tá an chúis don athbheochan teanga dearmadta ag ceannairí institiúidí oideachais.”
Scríobhann na húdair gur buntáiste atá sa Ghaeilge agus ní míbhuntáiste. Baineann an míbhuntáiste féin le ró-úsáid an Bhéarla: “However, the nearly exclusive use of English as the language of Ireland has lead to a restricted and shallow world-view stripped of tradition.
“The ‘gravitational force’ in Irish development is centrifugal rather than centripetal. This means that country has the tendency to absorb second-hand ideas, values and concepts developed elsewhere (and often discarded there), without making the adjustments essential in a genuinely innovative culture.
“It is exciting to think the Irish language might become a medium to help root resources in place, a source of emotions that help people discover and explore their complex identities.”

